Yoga agus aireachas do dhaltaí scoile, do bhaill foirne agus don phobal trí mheán na Gaeilge

Is mise Ciarán Mac Fhearghusa, múinteoir cáilithe agus údar. Ó 2012 i leith, táim ag múineadh yoga i scoileanna, in ollscoileanna, i leabharlanna, in áiteanna oibre agus ag féilte ar fud na tíre.

Ag Gluaiseacht le Chéile.

Ceapann go leor daoine gur gá don yoga agus don aireachas a bheith suaimhneach agus séimh i gcónaí

Bíonn seisiúin Óga Yoga ciúin in amanna, ach in amanna eile bíonn siad fisiciúil, spraíúil agus lán le fuinneamh.

Tugaimid faoi ghluaiseachtaí agus deasuithe dúshlánacha, oibrímid leis an anáil agus leis an aird, agus bainimid úsáid as ceol beo, miotaseolaíocht agus scéalaíocht chun cothromaíocht a fháil idir an spraoi agus an suaimhneas.

Ag croílár chur chuige Óga Yoga tá foghlaim conas aird a thabhairt - ar an gcorp, ar an anáil, ar smaointe, agus ar a bhfuil ag tarlú timpeall orainn. Trí chleachtaí spraíúla agus suaimhneacha, forbraímid scileanna praiticiúla a thacaíonn le féinrialú agus folláine sa saol laethúil.

  • “An-phroifisiúnta go deo. Bhain na páistí an-spraoi agus tairbhe as an seisiún. Leibhéal agus atmaisféar curtha in oiriúint do gach rang.”

    -- Cian Ó Conghaile, Múinteoir, Scoil Neasáin

  • “Tháinig Ciarán isteach chugainn le linn Seachtain na Gaeilge anuraidh. Bhain gach rang fíorthaitneamh as an lá agus rinne sé cinnte go raibh gach ceacht oiriúnach don aoisghrúpa. Ní Gaelscoil muid ach bhí bealach an-mhaith, spraíúil, cumarsáideach ag Ciarán agus dá bhrí sin ní raibh deacracht ar bith ag na páistí. Tá an spraoi agus craic i gceist ach tá Ciarán an-phroifisiúnta chomh maith. Tá muid ag súil go mór leis an mbliain seo chugainn.”

    - - Síle Ní Chathain, Múinteoir Rang a 1, St Coen’s, Rathnew

  • “Ciaran playfully and passionately weaves storytelling magically into movement. He has a flair for capturing the children's attention and putting them at ease, that even the shyest child comes out of his shell and participates.”

    -- Siobhán Cahill, Home School Community Liaison, St Joseph’s SNS, Ballymun

  • “We were lucky enough to have Ciarán visit our school during Seachtain na Gaeilge. He had over 300 boys engaged in Óga Yoga throughout the day — not an easy task! The students and staff thoroughly enjoyed the sessions and Ciarán is very easy to deal with, facilitating for all our age groups. Maith thú agus GRMA!”

    -- Daniel McCann, St. Kevin’s Boys School, Dublin 24

Our Services

  • Scoileanna & Oideachas

    Ranganna yoga agus aireachais deartha don ghnáthshaol scoile.

    Trí ghluaiseachtaí agus deasuithe yoga, anáil agus aireachas, forbraíonn daltaí scileanna aird agus féinrialaithe ar bhealach spraíúil, tarraingteach.

    Mar mhúinteoir meánscoile cáilithe ó TCD le MSc in Mindfulness-Based Wellbeing ó UCC, tuigim conas rang a mhealladh, a bhainistiú agus na cleachtais seo a thabhairt isteach i suíomh scoile.

    Cuirim gach seisiún in oiriúint d’aoisghrúpa agus do riachtanais na scoile, bíodh sé mar chuid de chúrsa seachtainiúil nó mar ócáid aonuaire.

  • Oiliúint Múinteoirí & FGL

    Foghlaim conas cleachtaí praiticiúla yoga agus aireachais a fhí go nádúrtha isteach i rithim na scoile — ó shocrú isteach ar maidin go hathshocrú tar éis lóin nó idir ceachtanna.

    Foghlaimeoidh tú meascán de chleachtaí gearra gur féidir a úsáid i rith an lae agus cleachtaí níos faide do sheisiúin níos struchtúrtha.

    Bainfidh tú triail as na cleachtais tú féin ar dtús, ag tacú le d’fholláine féin agus ag cur leis an muinín atá agat chun iad a úsáid i do sheomra ranga féin.

    An chéad chúrsa eile:
    Suaimhneas sa Seomra Ranga
    22–24 Eanáir 2027 · Óstán Connemara Coast

    Cuir Áit in Áirithe Anois

  • Folláine san Ionad Oibre

    Ceardlanna yoga, aireachais agus folláine curtha in oiriúint don ionad oibre.

    Roghnaigh idir ceardlanna agus eispéiris aonuaire a thacaíonn le bainistiú struis, forbairt folláine agus tógáil foirne san ionad oibre.

  • Eispéiris Folláine

    Cruthaíonn Óga Yoga eispéiris spraíúla agus uathúla d’fhéilte, d’imeachtaí cultúrtha agus d’ócáidí speisialta.

    Ní gá yoga a dhéanamh i stiúideo i gcónaí. Fíonn Óga Yoga ceardlanna yoga agus folláine le miotaseolaíocht, scéalaíocht agus ceol beo.

  • Leabhair & Acmhainní

    Tá triológ de leabhair ríme do pháistí i nGaeilge foilsithe ag Óga Yoga — Diarmuid agus an Mata Yoga Draíochta.

    Tugann mata draíochta Dhiarmuid é ar eachtraí go dtí an Ind, an Amasóin agus an Astráil.

    Tá gach leabhar deartha mar sheisiún idirghníomhach yoga. Leanann páistí agus teaghlaigh an scéal agus déanann siad na cleachtaí yoga in éineacht le Diarmuid de réir mar a théann an scéal ar aghaidh.

    Tá cuairteanna údair ar fáil do scoileanna, leabharlanna agus féilte.

Ciarán Mac Fhearghusa from Oga Yoga

Maidir le Óga Yoga

Thosaigh mé leis an yoga nuair a bhí mé 19 mbliana d’aois, tar éis dom mé féin a ghortú ag imirt spóirt. Thaitin sé liom, ach d’fhág mé i mo dhiaidh é chomh luath agus a bhí mé in ann filleadh ar an bpáirc imeartha — go dtí gur tháinig an chéad ghortú eile.

De réir a chéile, thuig mé na buntáistí a bhain le yoga a chleachtadh go rialta. Laghdaigh líon na ngortuithe a bhí á bhfáil agam ach mhothaigh mé i bhfad níos socra ionam féin.

D’fhás mo shuim sa yoga, san aireachas agus san fholláine. Tar éis dom MA sa Phleanáil Teanga a chríochnú i nGaillimh, thaistil mé go dtí an India. Thar cheithre thuras, chaith mé beagnach bliain ann ag staidéar agus ag cleachtadh yoga.

In 2012, bhunaigh mé Óga Yoga chun na gnéithe éagsúla seo de mo shaol a thabhairt le chéile — oideachas, Gaeilge, gluaiseacht choirp agus aireachas.

Chomh maith leis sin, is múinteoir meánscoile cáilithe mé le H.Dip san Oideachas Gairmiúil ó Choláiste na Tríonóide, agus tá MSc in Mindfulness-Based Wellbeing agam ó Choláiste na hOllscoile Corcaigh.

Anois agus mé socraithe síos, táim pósta agus tá triúr páistí agam. Ach bím fós ag imirt peile le Máistrí BÁC san earrach agus sa samhradh, agus ag cleachtadh jiu-jitsu san fhómhar agus sa gheimhreadh.

Ár Leabhair

Chruthaigh agus d’fhoilsigh Óga Yoga an triológ Diarmuid agus an Mata Yoga Draíochta, sraith leabhar ríme do pháistí i nGaeilge ina dtaistealaíonn Diarmuid ar fud an domhain ar a mhata yoga draíochta. Tá gach leabhar deartha mar sheisiún yoga agus is féidir na cleachtaí yoga a leanúint de réir mar a théann an scéal ar aghaidh.

  • Illustration from Diarmuid and the Magic Yoga Mat in Australia

    Diarmuid agus an Mata Yoga Draíochta san Astráil (2023)

    Nuair a aimsíonn Diarmuid mata yoga draíochta a sheanmháthar, téann sé ar eachtra spleodrach go dtí an Astráil. Ar a thuras, foghlaimíonn sé faoi ainmhithe iontacha, faoi chultúr agus faoi thimpeallacht na tíre, agus cruthaíonn sé deasuithe yoga nua freisin.

  • Illustration from Diarmuid and the Magic Yoga Mat in the Amazon

    Diarmuid agus an Mata Yoga Draíochta san Amasóin (2024)

    Téann Diarmuid ar eachtra spleodrach go foraois bháistí na hAmasóine ar thóir chathair rúnda dhraíochta El Dorado. Ar a thuras, foghlaimíonn sé faoi ainmhithe iontacha, faoin dúlra agus faoi bhithéagsúlacht na foraoise báistí is mó ar domhan.

  • Illustration from Diarmuid and the Magic Yoga Mat in India

    Diarmuid agus an Mata Yoga Draíochta san India (2025)

    Téann Diarmuid ar eachtra spleodrach go dtí an India ar thóir chathair rúnda dhraíochta Shambhala, atá i bhfolach sna Himiléithe. Ar a thuras, foghlaimíonn sé faoi ainmhithe iontacha, faoi chultúr ársa agus faoi thimpeallacht shaibhir na tíre is mó daonra ar domhan.

  • Ag Teacht Go Luath: An Táin Bó Yoga

    Eachtra Chú Chulainn a nascann machnaimh agus deasuithe yoga le scéalta na bpríomhcharachtar a raibh tionchar acu ar shaol Chú Chulainn.

Bíonn Ciarán le feiceáil go minic ar an teilifís agus sna meáin, agus tá níos mó ná 75 mír yoga do pháistí agus do dhaoine fásta curtha i láthair aige ar Cúla4, TG4, RTÉjr agus Virgin Media.

Ghlac sé páirt freisin sa chlár Underdogs mar pheileadóir, agus bhí ar Seal le Dáithí, áit ar labhair sé le Dáithí Ó Sé faoina thuras isteach i saol an yoga. Chuir sé An Táin Bó Yoga i láthair ar Ireland AM le Alan Hughes agus mhúin sé aireachas do Daniel O’Donnell agus dá bhean chéile, Majella, ar an gclár Daniel sa Bhaile ar TG4.

Aitheantas

Q-Mharc Gnó le Gaeilge: Dátheangachas den Scoth sa Ghnó — 2022 & 2025

GRADAIM Gnó na hÉireann: Gradaim Óir do Chomharthaíocht, Brandáil & Margaíocht, agus Seirbhís trí Ghaeilge —2023 & 2026

BÁC le Gaeilge: 2024 — Éacht den Scoth i gCur Chun Cinn na Gaeilge